Léigh an fhoirm seo go cúramach, líon í agus déan na cáipéisí cuí a uaslódáil.
1. Sula ndéanann siad iarratas ar athsheiceáil moltar go láidir do mhic léinn dul i gcomhairle lena léachtóir / le comhordaitheoir a gcúrsa chun aiseolas a fháil maidir leis an marc a fuair siad i modú(i)l.
2. Níl in athsheiceáil ach athríomh ar gach cuid den scrúdú agus NÍ DHÉANTAR athbhreithniú ar ábhar an scrúdaithe. Tá eolas faoi athsheiceáil le fáil arhttps://www.universityofgalway.ie/exams/results/rechecks/
3. Tabhair faoi deara nach ionann iarratas ar athsheiceáil agus iarratas ar achomharc, níl aon bhaint acu le chéile. Tá polasaí Ollscoil na Gaillimhe maidir le Torthaí Scrúdaithe a Phlé, a Sheiceáil agus a Achomharc ar fáil ar https://www.universityofgalway.ie/exams/policies-procedures/
4. Ní ghlacfar le hiarratais dheireanacha in aon chás. Cinntigh go bhfuil tú ar an eolas faoin spriocdháta iarratais le haghaidh do chuid torthaí – ar fáil ar láithreán gréasáin Oifig na Scrúduithe. https://www.universityofgalway.ie/exams/results/rechecks/
I gcás roinnt gléasanna móibíleacha, b’fhéidir nach ligfí duit comhaid a uaslódáil
* Uaslódáil cóip de do thras-scríbhinn scrúdaithe NÓ gabháil scáileáin de thorthaí do chuid scrúduithe ó Fhiosrúchán na dTorthaí Scrúduithe ar Líne.
Liostaigh na modúil go léir atá á n-athsheiceáil agat; i gcás tráchtais nó ábhar iomlán ina bhfuil grúpa modúl nó cuid de mhodúl, luaigh an t-ainm agus an cód.
Is ionann tic sa bhosca seo agus dearbhú gur liom féin an t-eolas ar fad san iarratas seo ar athsheiceáil agus go bhfuil an t-eolas ceadaithe agam. Tuigim nach bhfuil in athsheiceáil ach athríomh ar gach cuid den scrúdú agus NACH athbhreithniú ar ábhar an scrúdaithe atá i gceist.
Cliceáil ar Seol Isteach an Fhoirm (thíos) chun an t-iarratas ar athsheiceáil a chríochnú. Beidh teachtaireacht ar an scáileán ag cur in iúl duit gur éirigh leat an fhoirm a chur isteach agus gheobhaidh tú dearbhú ríomhphoist uathoibríoch. Mura bhfaighidh tú é sin déan athbhreithniú ar an bhfoirm agus líon isteach réimsí ar fad a bhfuil dath dearg orthu agus cliceáil ar Seol Isteach an Fhoirm